Ceol in ár Scoil

Music in our School

 

Ceolfhoireann na Scoile

Cuirtear fáilte roimh aon pháiste ó Rang 1 – Rang 6 a bhfuil cúpla bliana taithí aige/aici páirt a ghlacadh i gCeolfhoireann na Scoile. Bíonn cleachtadh ar siúl gach Céadaoin faoi stiúir Múinteoir Carol agus le cabhair ó bheirt thuismitheoirí.

Téarma 1: Bíonn ceolchoirm i Mí na Nollag do phobal na scoile (dáta céanna le Seó Nollag na Naíonán Téarma 1).

Téarma 2: Cuireann an cheolfhoireann isteach ar chomórtais go háitiúil & go náisiúnta.

Téarma 3: Cuirtear taispeántas ceoil i láthair ag deireadh na bliana do Phobal na Scoile ag ‘Féile Moshíológ’.

 

School Orchestra

Children from 1st – 6th class, with a couple of years’ experience are invited to join our Ceolfhoireann. There is a weekly practice every Wednesday during school hours under the direction of Múinteoir Carol and with expert help from two parent helpers.

Term 1: Music recital in December for the Pobal na Scoile (same date as the Infants Seó Nollag Term 1).

Term 2: Enter competitions at a local and national level.

Term 3: End of year recital for Pobal na Scoile at ‘Féile Moshíológ’.


Ceachtanna Feadóg Stáin

Tá Múinteoir Carol i bhfeidhil ar na ceachtanna Feadóg Stáin ó R. 3-6. Glacann gach páiste sa rang páirt. Bíonn rang le Múinteoir Carol gach Céadaoin ach anuas air seo bíonn cleachtadh 5-10 nóiméad le déanamh ag an múinteoir ranga leis an rang in aghaidh an lae. Tá clár faoi leith le clúdach ag gach rang.

 

Tin Whistle Lessons

Múinteoir Carol teaches tin whistle to 3rd to 6th class every Wednesday. Every child in these classes participates in the weekly lessons along with daily practice with the class teacher. Each class has a specific programme of tunes to cover during the year.
 

Banc Uirlisí Ceoil na Scoile

Tá uirlisí ceoil ar fáil ar cíos do dhaltaí na scoile. Consairtín x 5, Fidil x 8, Feadóg Mhór x 11, Bosca Ceoil x 1, Ukulele x 4 . Iarrtar ar na tuismitheoirí riomhphost a sheoladh chun suim a léiriú.

 

School Instrument Bank

The following instruments are available to school students for hire: Concertina x5, Fiddle x8. Flute x11, Accordian x1, Ukulele x4. To show your interest please email the school.

Féile na gCarúl

Ag am Nollag bíonn ceiliúradh againn le daltaí R.1-R.6. Bíonn sé ar siúl sa séipéal Caitliceach & sa séipéal Protastúnach gach dara bhliain. Bíonn píosa scéalaíochta & carúil faoi leith le hullmhú ag gach rang, dráma na Nollag le léiriú ag Rang 1 & teacht le chéile ag R.1-R.6 ag an deireadh chun roinnt carúl a chanadh le chéile. Bíonn grúpa de 15 (ó Cheolfhoireann na scoile) ag seinm le gach Rang le linn na féile seo.

 

Carol Service

At Christmas time we have a celebration with 1st – 6th class. This takes place in the local Catholic Church and the local Protestant church on alternate years. Each class prepares a piece of storytelling and a Christmas Carol while 1st class act out the Christmas story. All classes come together at the end to perform some Christmas Carols. During the whole service a group of up to 15 musicians (from the Ceolfhoireann Scoile) accompany the singing.
 

Cór na Scoile

Ag searmanas an Chéad Chomaoineach (R.2) & an Chóineartaithe (R.6) bíonn Cór na Scoile (R.3, 4, 5) ag canadh Aifreann de chuid Liam Lawton. Déantar cleachtadh le Múinteoir Carol ar feadh tréimhse 4 seachtaine roimh dháta an tsearmananais.

Bíonn grúpa de 15 (ó Cheolfhoireann na scoile) ag seinm don aifreann le linn an tsearmanais seo.

 

School Choir

During the celebration of the First Communion & Confimation mass, the school choir, comprising of students from 3rd, 4th & 5th class sing hymns written by Liam Lawton. The choir practise beforehand with Múinteoir Carol for about 4 weeks prior to the mass along with a group of up to 15 musicians.